MindField:
An Puball Gaeilge
Irish Language & Culture
Celebrate the heart of Irish culture. An Puball Gaeilge showcases the richness of the Irish language through music, literature, storytelling and lively discussion, creating a welcoming space where heritage and contemporary culture come together.
32Events
Aug28–302026
An Puball Gaeilge
Duration
3 days (Fri–Sun)
Featured voices
Programme guests
Location
AN PUBALL GAEILGE: IRISH LANGUAGE STAGE
Session formats
Talks / Panels / Live Podcasts
Visit Archive →
Electric Picnic · Stradbally Hall, Co. Laois, Ireland
The Defining Moments of MindField An Puball Gaeilge
Learn More fromthe Archives
Visit Archive →
This year’s agenda
In an era obsessed with digital noise, the 2026 Leviathan programme returns to core human structures. We explore the future of modern states, the psychological landscapes of technological evolution, and the urgent economic realities of climate transition.
Politics Literature Climate AI & Society Democracy Performance Culture Irish Identity
Programme
Browse by day, format, and theme. View 2026 Calendar →
Afternoon Sessions
15:00 – 22:00
August 28, 2026Friday, 15:00
Music Generation Laois
Banna ceol traidisiúnta ó Music Generation Laois le páistí agus daoine óga ó Chontae Laoise.
August 28, 2026Friday, 16:00
Ceathairéid Shráid Marlborough
Ceol na nglórtha i stíleanna éagsúla. Bígí linn is sinn ag canadh cheol bearbóra, amhráin na hÉireann, snagcheol, agus cúpla iontaisín eile le linn an gcoirm ceol.
August 28, 2026Friday, 17:00
Saibhín
Is ceoltóir Éireannach / Meicsiceach í Saibhin, lonnaithe i mBáile Átha Cliath. Cuireann sí draíocht ar a cuid lucht féachana lena cuid séiseanna agus liricí.
August 28, 2026Friday, 18:00
Beannaithe idir Mhná
Cairdeas, ceol agus cumhacht na mban! Beidh ceol, amhránaíochta agus damhsa ag 'Beannaithe idir Mhná' ar an árdán.
August 28, 2026Friday, 19:00
Na Tonnta
Racbhanna cúigear leaids a d'fhreastal ar Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath, atá sa ghrúpa ceoil Tonnta. Tá an-tionchar théis a bheith ag Oasis, Fontaines DC, agus The Beatles ar an mbanna seo, a mbaineann meascán d'amhráin cháiliúla agus amhráin fhéinchumtha lena gceol féin. Bíonn na baill seo ag seinm ceoil le fuinneamh agus óna gcroí amach - Ní chuirfear bac orthu lá ar bith feasta! Buailigí isteach chucu anseo ag Puball na G!
August 28, 2026Friday, 19:30
Whitewater
Is banna rac-cheoil agus blues iad WHITEWATER as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Faigheann siad inspioráid ó mhórainmneacha an rac-cheoil chlasaicigh agus an blues, agus cuireann siad seó fuinniúil ar stáitse le hamhráin ó ealaíontóirí ar nós Rory Gallagher, Thin Lizzy, Cream, Jimi Hendrix agus go leor eile.
August 28, 2026Friday, 20:00
Whitewater
Is banna rac-cheoil agus blues iad WHITEWATER as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Faigheann siad inspioráid ó mhórainmneacha an rac-cheoil chlasaicigh agus an blues, agus cuireann siad seó fuinniúil ar stáitse le hamhráin ó ealaíontóirí ar nós Rory Gallagher, Thin Lizzy, Cream, Jimi Hendrix agus go leor eile.
August 28, 2026Friday, 21:00
Hannah McFadden
Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán í Hannah Mc Fadden as Dún na nGall. Téann sí díreach go croí na fírinne lena cuid ceoil, ag tarraingt as amhráin amh, chumhachtacha faoin ghrá a cailleadh, faoin uaigneas, agus faoin dóigh a dtiteann rudaí as a chéile. Tá dynamic láidir, stoirmiúil ina glór ar leith a chorraíonn an t-éisteoir ar an chéad éisteacht, rud a fhágann nach bhfuil anseo ach ceol macánta, gan scáth gan cheilt, agus tallann nádúrtha nach bhfuil ag iarraidh leithscéal ar bith a ghabháil.
August 28, 2026Friday, 22:00
Sult
Is grúpa ceoltóirí traidisiúnta ó Thuaisceart Bhaile Átha Cliath iad Sult. Bí ag súil le ceol bríomhar, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta ó Emer, Caoilfhionn agus Sorcha Ní Scolaí.
August 28, 2026Friday, 23:00
Clann Mhic Ruairí
Is banna ceoil dúchais agus traidisiúnta Éireannach iad Clann Mhic Ruairí. Grúpa teaghlaigh atá iontu, agus iad comhdhéanta de na siblíní Tony (amhránaí), Aodh (amhránaí, giotár), Seán (amhránaí) agus Dónall (amhránaí, cnaguirlisí), mar aon le hiníon Tony, Megan (pianó agus amhránaí). Mar theaghlach, tógadh iad ar amhráin agus ar scéalta i nGaeilge Ghaeltacht Rann na Feirste i gContae Dhún na nGall, ceantar Gaeltachta atá suite in iarthuaisceart na hÉireann. Nuair a chloiseann tú a gceol, faigheann tú léargas ar an gcultúr saibhir seo, cultúr a leanann siad orthu á chaomhnú.
August 29, 2026Saturday, 12:00
Imbolc
Cuirfear tús inspioráideach leis an lá le cainteanna spreagúla ó dhaoine ar ceannródaithe iad ina n-earnálacha féin. Bígí linn agus muid ag labhairt le:
August 29, 2026Saturday, 14:00
Scéal
Nuachtán úrnua a fhreastalaíonn ar phobal ilchineálach na Gaeilge. Beidh scríbhneoirí agus aíonna Scéal i mbun díospóireachta ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Bígí linn agus ná dearmad, tarraingíonn scéal scéal eile!
August 29, 2026Saturday, 15:00
Dúchas
'Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d'oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!
August 29, 2026Saturday, 16:00
Reic
Cloistear filíocht ó bhéal, rap, ceol agus scéalaíocht ag an oíche filíochta ilteangach REIC. Bunaíodh REIC in 2015 le hardán a thabhairt do thraidisiún ársa na filíochta béil mar atá sí sa lá atá inniu ann agus le baile a chruthú do thaispeántais de gach cineál i nGaeilge.
August 29, 2026Saturday, 17:00
Gaelgairí
Seó grinn as Gaeilge. Cuireann siad oíche ghrinn ar siúl go rialta i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann freisin. Cuirfidh an dream seo ag gáire gan stad sibh ón bpointe boise. Bíonn an-chraic, spleodar, spraoi is diabhlaíocht ar siúl ag na rógairí seo ar an stáiste i gcónaí, agus beidh go deimhin arís anseo ag an bPicnic Leictreach 2026 - Bígí linn!
August 29, 2026Saturday, 18:00
Ceol Domhanda le Eve ie. Caitriona Ni Mhurchu
Meascáin trad agus funky folk.... I nGaelinn, Spáinnis agus Francis. Cloisfidh tú tionchar Meiriceá Laidineach, Aifric Theas agus Chroca Dhuibhne!
August 29, 2026Saturday, 19:00
Seosamh Mac
Is cumadóir, Gaeilgeoir agus ceoltóir traidisiúnta as Béal Feirste, Éire, é Seosamh Mac. Meascann Seosamh ceol traidisiúnta le blasanna ó sheánraí eile le hinsint scéalta faoinár ndaonnacht chomhroinnte, agus le cruthú ceoil chun an corp a bhogadh agus an t-anam a mhúscailt.
August 29, 2026Saturday, 20:00
Eoghan Ó Ceannabháin & Niamh Keady-Tabbal
Amhráin Ghaeilge agus Arabacha ó amhránaí ar an sean-nós, Eoghan Ó Ceannabháin, agus amhránaí Éireannach-Liobánach, Niamh Keady-Tabbal. Tagann an bheirt le chéile ag casadh amhráin a bhaineann le himirce, le streachailt, le grá agus le dóchas.
August 29, 2026Saturday, 21:00
The Gladstone Band
Is banna ceoil traidisiúnta agus tíre iad The Gladstone Band ó 2024 i mBaile Átha Cliath le deartháireacha Adam agus Patrick Hutton agus Timmy Sheridan. Seinneann siad bailiúcháin ceol traidisiúnta agus tíre agus a gceol bunscríobhta féin.
August 29, 2026Saturday, 22:00
Jessie & The Veil
Is banna folk-rock é Jessie & the Veil atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Spreagtha ag ceoltóirí cosúil le Clannad, Florence and the Machine agus The Cranberries. Meascann a chuid ceoil gnéithe do cheol traidisiúnta na hÉireann le fuaim mhothúchánach agus neamhshaolta.
August 29, 2026Saturday, 23:00
Seisiún Rúnda: Cúán de Búrca x hHH
Cúán de Búrca x hHH
August 30, 2026Sunday, 12:00
Imbolc
Cuirfear tús inspioráideach leis an lá le cainteanna spreagúla ó dhaoine ar ceannródaithe iad ina n-earnálacha féin. Bígí linn agus muid ag labhairt le:
August 30, 2026Sunday, 13:00
‘Coinneáil Orainn’ Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe
Nuair a théann Cigire deireanach na roinne sa tóir ar an mbeirt chainteoir dúchasacha deireanacha sa tír, ardaítear ceisteanna a théann buille beag róghar don chnámh.
August 30, 2026Sunday, 14:00
BYOBeanglaim
Craic leis na cailíní - scéalta agus scannal leis na mná thar chúpla deochín
August 30, 2026Sunday, 15:00
Funny Focail
Oíche ghrinn dhátheangach Funny Focail a bhunaigh fuirseoirí Diane O'Connor agus Louise O'Toole anuraidh. Is spás speisialta é chun taitneamh a bhaint as an teanga cibé caighdeán atá agat.
August 30, 2026Sunday, 16:00
Seisiún na mBan
Ceiliúradh ar chruthaitheacht Mhná na hÉireann le ceol agus filíocht. Bígí linn don seit spreagúil suimiúil seo!
August 30, 2026Sunday, 17:00
Buail Feirste
Is grúpa drumadóireacht é Buail Feirste; grúpa "batería" atá ann, bunaithe ar thraidisiún ceoil an charnabhail, nó "Samba" ón mBrasaíl. Úsáideann siad meascán uirlisí traidisiúnta ón mBrasaíl le píosaí traidisiúnta a sheinm agus ceol nua a chruthú – ag baint inspioráid ó mhiotaseolaíocht na hÉireann agus ón saol comhaimseartha.
August 30, 2026Sunday, 18:00
Dall
Grúpa ceoltóirí óga fuinniúla as Béal Feirste atá sa bhanna ceoil traidisiúnta Dall. D'fhoghlaim na baill conas ceol a sheinnt i Scoil Cheoil Traidisiúnta Glengormley agus chuir siad snas ar chúrsaí faoi threoir na gceoltóirí is fearr i gcathair Bhéal Feirste i Tigh Mhadáin, nó baile an cheoil thraidisiúnta mar fheictear do mhuintir na háite é. Grúpa spleodrach bríomhar craiceáilte is ea é.
August 30, 2026Sunday, 19:00
Tart
Soláthraíonn TART punkcheol corparáideach don aois nualiobrálach.
August 30, 2026Sunday, 20:00
Líofa
Ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta ó Ghaoth Dobhair, Dún na nGall
August 30, 2026Sunday, 21:00
Seisiún Rúnda: The Railway Boys
Le rithimí beomhara, agus fuinneamh tógálach, tugann The Railway Boys beocht úr don cheol traidisiúnta. Seinneann Piaras Ó Lorcáin, Mickey Fearon, Oisín Ó Murchú, Seán Ó Briain agus Brian Ó Gallachóir meascán d'fhidil, bainseó, giotár agus dord, cruthaíonn siad fuaim bhríomhar atá chomh hoiriúnach do sheisiúin bheaga is atá do stáitsí móra. Tá siad ag bailiú lucht leanúna ar fud na tíre – agus ní gan chúis!